top of page
Aiseolas na gcustaméirí
Tá sé níos fearr ná cad a cheap mé nuair a d’ordaigh mé an leabhar. Thar a bheith soiléir agus cruthaitheach. Beidh mo dhaltaí níos compordaí lena gcuid Gaeilge dá bharr!Tá neart samplaí ann agus mar sin téann na daltaí i dtaithí ag breathnú ar shamplaí atá bunaithe ar abairtí a úsáidfidh siad. Chomh maith leis sin, tá samplaí ann atá bunaithe don TS - sin thar a bheith cabhrach dóibh (agus do mhúinteoirí!). Mholfainn é idir an seribhís DEN SCOTH agus an caighdeán sa leabhar
~ Alice D
Leabhar den scoth agus an-úsáideach. Go leor bileoga oibre, déanann sé níos mó céile do na daltaí atá lag ag cur abairtí le chéile
~ Aoife S
Mholfainn an leabhar seo go hard na spéire, maith sibh agus go raibh maith agaibh
~ E Daly
Is breá liom na tascanna. Éasca dom (mar mhúinteoir) a cheartú agus aiseolas dearfach a thabhairt do dhaltaí
~ Stephen C
Tá siad éasca do na daltaí a n-abairtí féin a chruthú agus bíonn muinín acu dá bharr
~A Irwin
Cuidíonn sé go mór liom difreálú a dhéanamh. Is é an téacsleabhar is fearr atá ar an margadh!
~ Amanda D
Is féidir é a úsáid do dhaltaí laga agus láidre ag gach leibhéal mar tá T1 agus T2 ar siúl againn sa scoil seo agus tá mé iontach tógtha leis an leabhar seo agus déanfaidh sí mo chuid oibre i bhfad níos fusa go cinnte ó thaobh struchtúr abairtí agus pointí gramadaí srl de agus tá na daltaí ag obair air seo uilig agus an litríocht ag an am chéanna, Thar barr ar fad.
Tháinig cóip don leabhar go dtí an oifig agus thug an príomhoide domsa é agus seo mar a fuair mé amach faoin leabhar seo, bronntanas iontach faighte agam ar maidin agus tá an dá mhúinteoir Gaeilge eile sa scoil in éad millteanach liom mar ba bhreá leo cóip fosta, maith sibh obair iontach déanta agaibh
~ Mary
bottom of page